Líonraí Alumni
Tá caidreamh Alumni ar cheann den iliomad bealaí ar féidir le hÉireannaigh nasc le hÉirinn a choinneáil i gcónaí.
Féadfaidh céimithe ó ollscoileanna Éireannacha, institiúidí oideachais agus coláistí príobháideacha Éireannacha eile a bhogann thar lear i nasc le hÉirinn a choinneáil trí theagmháil a dhéanamh lena n-eagraíocht alumni.
Tugann caidreamh alumni bealach freisin do mhic léinn idirnáisiúnta a dhéanann staidéar in Éirinn a gceangail leis an tír a choinneáil.
Ciste Dúshláin Alumni
In 2015, seolfaimid Ciste Dúshláin Alumni le síolchistiú a chur ar fáil do thionscnaimh chomhoibríocha nua ag institiúidí Éireannacha chun díriú ar a gcéimithe Éireannacha agus a gcéimithe nach Éireannaigh iad atá ag obair go hidirnáisiúnta.