CLG
Tá príomhról ag CLG i saol cultúrtha agus sóisialta phobail Éireannacha thar lear agus tugann tacaíocht agus spreagadh d’oidhreacht agus féiniúlacht Éireannach ar fud an domhain.
Ról CLG thar lear
- Is é CLG an eagraíocht Éireannach is mó thar lear. Tá breis agus 400 cumann CLG ann thar lear anois. Is minic gurb iad na cumainn seo an chéad áit a dtugann eisimircigh Éireannacha nua aghaidh orthu.
- Cuireann CLG líonra sóisialta agus pobail láidir ar fáil agus, níos mó ná aon eagraíocht aonair eile b’fhéidir, cuidíonn sé chun braistint láidir phobail agus oidhreachta a chothú i measc ár bpobal thar lear.
- Maoiniú Chlár Tacaíochta Eisimirceach do CLG
- Is príomhchuspóir na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála é naisc le Pobail Éireannacha thar lear a neartú agus naisc le hÉireannaigh agus le daoine de bhunús na hÉireann a spreagadh. Tá an Clár Tacaíochta Eisimirceach (ESP) lárnach do bhaint amach an chuspóra seo.
- D’éascaigh comhshocrú maoinithe le CLG tacaíocht ESP d’Oifigigh Forbartha Cluichí CLG sa Bhreatain agus sna SA agus do Chiste Forbartha Cluichí Domhanda. Is í aidhm an Chiste Forbartha Cluichí Domhanda tacú le tionscadail CLG thar lear, lasmuigh den Bhreatain agus de na SA, a sheachadann agus a spreagann deiseanna do chluichí forbartha bríocha agus a chuireann aidhmeanna agus cuspóirí ESP chun cinn tuilleadh.
- Cuireadh maoiniú ar fáil freisin do CLG do roinnt tionscadal caipitiúil. Trí thacú le tionscadail dá leithéid, tá an Rialtas ag tabhairt cúnaimh chun todhchaí fadtéarmach pobal Éireannach thar lear a chinntiú, agus trí sin a dhéanamh tá sé ag infheistiú sa chaidreamh idir na pobail seo agus an baile.
GAAGO
Féadfaidh tú breathnú ar Chluichí uile CLG, lena n-áirítear Craobhchomórtais, an tSraith Náisiúnta agus an Sunday Game (Beo agus Ar Éileamh), ar GAAGO