Fógra maidir le Príobháideachas Sonraí
Cuid B – Faisnéis a bhaineann go sonrach leis na sonraí pearsanta atá á mbailiú
Is faisnéis shonrach atá sna sonraí seo a leanas maidir leis na sonraí pearsanta a phróiseálfar ar mhaithe le hiarratais ar phasanna a mheasúnú.
1. Cuspóir ar leith:
Tá na sonraí pearsanta á mbailiú/bpróiseáil chun aitheantas an iarratasóra a dheimhniú, chun saoránacht a chinneadh, agus chun pasanna a eisiúint.
2. An bunús dleathach:
Foráiltear in Acht na bPasanna 2008, arna leasú, an bunús dlíthiúil atá ag Seirbhís na bPasanna chun sonraí pearsanta iarratasóirí a phróiseáil.
3. Faighteoirí:
Gheobhaidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na sonraí pearsanta chun aitheantas an iarratasóra a dheimhniú, chun saoránacht a chinneadh, agus chun pasanna a eisiúint.
4. Aistrithe lasmuigh den AE:
Ní aistrítear aon sonraí lasmuigh den AE.
5. Tréimhse Choinneála:
Ní choinneoidh an Roinn na sonraí a bhaileofar chun na críche seo ach amháin chomh fada is go bhfuil gá ó thaobh gnó de é sin a dhéanamh ag teacht leis an gcuspóir(na cuspóirí) dar bailíodh iad. I gcás pasanna a eisiúint, coinneofar na sonraí fad is a bheidh an pas bailí móide cúig bliana eile. Tar éis an ama sin marcálfar iad le scriosadh agus scriosfar iad de réir treoirlínte inmheánacha nó treoirlínte maidir le scriosadh a fuarthas ó Oifig Náisiúnta na gCartlann.
6. Nuair is oibleagáid reachtúil nó conartha é an soláthar sonraí:
Tá na sonraí atá á soláthar ar mhaithe le pas a eisiúint á n-iarraidh faoi cheanglais Alt 8(1) d’Acht na bPasanna, 2008, arna leasú, agus má roghnaíonn an saoránach gan an fhaisnéis sin a sholáthar ní féidir lena iarratas ar phas leanúint ar aghaidh. Coimeádann an tAire Gnóthaí Eachtracha an ceart doiciméid bhreise a iarraidh de réir Alt 7(2) d’Acht na bPasanna, 2008, arna leasú.
7. Cinnteoireacht Uathoibríoch:
Ní dhéantar aon chinnteoireacht uathoibríoch i rith an phróisis.
8. Faisnéis ó Thríú Páirtí:
Ní fhaigheann Seirbhís na bPasanna faisnéis ó Thríú Páirtithe. Féadfaidh Seirbhís na bPasanna sonraí pearsanta a thugann an t-iarratasóir a dheimhniú le Ranna Rialtais eile.
9. Faisnéis theicniúil maidir leis na sonraí a bhailítear:
Tá an fhaisnéis theicniúil maidir leis na fianáin a úsáidtear ar shuíomh gréasáin ár Roinne ar fáil ag an nasc seo a leanas: Beartas maidir le Fianáin