Stádas Slándála
- Gnáth-réamhchúraimí
- Bí an-chúramach
- Seachain taisteal neamhriachtanach
- Ná taistil
- Forbhreathnú
- Sábháilteacht agus Slándáil
- Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
- Sláinte
- Faisnéis Bhreise
- Embassy Contact
Forbhreathnú
Forbhreathnú
Forléargas
Déanaimid ár ndícheall an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall go bhféadfadh athrú an-tapa teacht ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Lena chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe maidir le stádas slándála, féach an leagan Béarla chomh maith, nó déan teagmháil díreach linn.
Stádas Slándála
Gnáth-Réamhchúraimi
Taisteal chun Antigua & Barbúda
Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le paisinéirí atá ag teacht isteach chun Antigua agus Barbúda ar eitleán ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint, ná Foirm Aimsithe Paisinéirí a chomhlánú.
Tá paisinéirí atá ag teacht ar bord longa crúsála faoi réir ag na prótacail a chuirtear i bhfeidhm ag na cuideachtaí crúsála.
Comhairle Taistil Ghinearálta
Adhaimsir i Réigiún Mhuir Chairib
De ghnáth maireann séasúr hairicíní an Atlantaigh ó mhí Meithimh go deireadh mhí na Samhna gach bliain agus d’fhéadfadh sé freisin oirthear agus deisceart SAM a bhualadh le báisteach throm, tuilte, agus gaotha an-arda.
Ba cheart do shaoránaigh a bhfuil sé ar intinn acu a bheith sa réigiún atá buailte le linn na tréimhse seo machnamh a dhéanamh ar an ngá le taisteal bunaithe ar eolas maidir le réamh-mheastacháin ar adhaimsir.
Víreas Zika
Tharla ráigeanna de Víreas Zika (galar a iompraíonn muiscítí, cosúil leis an bhfiabhras deinge) i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas agus sa réigiún Mhuir Chairib. Moltar do Shaoránaigh Éireannacha, go háirithe iad siúd a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu nó mná atá ag iompar clainne nó atá ag iarraidh a bheith torrach, an treoir atá ar fáil ar shuíomh gréasáin An Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte (HPSC) a leanúint.
Sábháilteacht agus Slándáil
Sábháilteacht agus Slándáil
Sábháilteacht agus Slándáil
Sceimhlitheoireacht
Cé go bhfuil baol na sceimhlitheoireachta fíorbheag, tá sé tábhachtach nach gcuirtear an riosca as an áireamh d’ionsaithe sceimhlitheoireachta gan idirdhealú, rud a d’fhéadfaí díriú ar shaoránaigh, lena n-áirítear áiteanna a dtéann turasóirí agus easaoránaigh.
Coireacht
Tá cúrsaí coireachta sách íseal ach ba cheart duit réamhchúraimí ciallmhaire a dhéanamh:
- Ná bíodh do phas agat, ach amháin má bhíonn sé go hiomlán riachtanach agus fág cóip den phas (agus cáipéisí taistil agus árachais) le do theaghlach nó do chairde sa bhaile.
- Déan iarracht gan suimeanna móra airgid a nochtadh go poiblí agus ná húsáid Uathmheaisíní Bainc agus é dorcha.
- Seachain sráideanna agus staighrí dorcha gan soilse, agus déan socrú go mbaileofar agus go bhfágfar thú chomh gar agus is féidir de bhealach isteach d’óstáin nó d’árasáin.
- Cuir do dhoirse agus d’fhuinneoga faoi ghlas san oíche.
Coir a thuairisciú
Más íospartach coireachta thú, tuairiscigh do na póilíní áitiúla é láithreach.
Tiomáint
Má tá sé beartaithe agat go mbeidh tú ag tiomáint, tabhair aire agus déan na réamhchúraimí seo a leanas:
- Tabhair leat do cheadúnas iomlán tiomána Éireannach agus déan cinnte go bhfuil an t‑árachas ceart agus cuí agat
- Bíodh doirse d’fheithicle faoi ghlas agat agus do mhálaí as radharc chun sciobadh málaí gan choinne a chosc agus tú stoptha ag soilse tráchta
Feithicil a fháil ar cíos
Má bhíonn feithicil á fáil ar cíos agat, ná tabhair do phas ar láimh mar ní slándála. Má bhíonn tú ag ceadú do phas a fhótachóipeáil, coinnigh i do radharc é an t-am ar fad.
Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
Ná déan dearmad go mbeidh feidhm leis na dlíthe áitiúla ortsa mar chuairteoir, agus is fútsa a bheidh sé cloí leis na dlíthe sin. Bíodh aird agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla, toisc go bhféadfaí breathnú ar d’iompar mar iompar míchuí, gránna nó fiú neamhdhleathach.
Sláinte
Sláinte
Sláinte
Faigh árachas taistil agus leighis
Sula dtaistealóidh tú, molann an Roinn go láidir go bhfaigheann tú árachas taistil cuimsitheach a chlúdóidh gach costas leighis agus tú thar lear, lena n-áirítear aisdúichiú/aslonnú leighis, aisdúichiú coirp agus costais dlí. Ba cheart duit aon eisiamh a sheiceáil, agus go gclúdaíonn do pholasaí aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh tú, go háirithe.
Víreas Zika
Tharla ráigeanna de Víreas Zika (galar a iompraíonn muiscítí, cosúil leis an bhfiabhras deinge) i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas agus sa réigiún Mhuir Chairib. Moltar do Shaoránaigh Éireannacha, go háirithe iad siúd a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu nó mná atá ag iompar clainne nó atá ag iarraidh a bheith torrach, an treoir atá ar fáil ar shuíomh gréasáin An Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte (HPSC) a leanúint.
Faisnéis Bhreise
Faisnéis Bhreise
Faisnéis Bhreise
Riachtanais iontrála (víosa/pas)
Muna bhfuil tú cinnte faoi na riachtanais iontrála don tír seo, lena n-áirítear víosa agus aon eolas inimirce eile, cuir ceist ar do ghníomhaire taistil nó déan teagmháil le hAmbasáid nó Consalacht na tíre is cóngaraí.
D’fhéadfá cé chomh fada nár mór do do phas a bheith bailí a sheiceáil leo chomh maith.
Séasúr na hairicíní
Tarlaíonn séasúr na hairicíní ó mhí Iúil go mí na Samhna go hiondúil sa Mhuir Chairib. Ba cheart duit an-aird a thabhairt ar thuairiscí aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta chomh maith le comhairle a leanúint ó na húdaráis áitiúla. Déan monatóireacht i gcónaí ar nuashonruithe aimsire áitiúla agus idirnáisiúnta don réigiún trí rochtain a fháil ar Chainéal na hAimsire, nó ar shuíomh gréasáin Ionad Hairicíní Idirnáisiúnta de chuid SAM.
Embassy contact
Embassy Contact
Embassy of Ireland
Suite 1105 (11th Floor)
130 Albert Street
Ottawa
Ontario K1P 5G4
Canada
Tel: +1 613 233 6281
Monday to Friday 10am to 12pm and 2pm to 4pm.
If you need urgent assistance outside of working hours Monday to Friday, you can contact the Department of Foreign Affairs on +353 1 408 2000.